The Quiet Man Location Tours
Photos of The Quiet Man
Quotes from The Quite Man
Local tourist Attractions
The Quiet Man Look-alikes
The Quiet Man Movie Club Members Area
Contact Us
 

An ‘Quiet Man’
le Mike P. Ó Conaola

Ba i Samhradh na bliana 1951 a rinneadh an scannán ‘The Quiet Man’ in iarthar na hÉireann agus cé gur iomaí scannán a rinneadh in Éirinn ó shin níor sháraigh aon cheann acu an stádas atá bainte amach ag an scannán seo a bhfuil a cháil ag dul i méad ar fud an domhain ó bhliain go bliain.Tagann na mílte turasóirí go Conamara agus go Maigh Eo gach Samhradh d’aon turas leis na háiteanna ina ndearnadh an scannán a fheiceáil – Caisleán Ashford ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, an stáisiún traenach ‘Castletown’ i mBéal Átha Glúinín, suíomh an tí ceann tuí ‘White O’Mornin’ ar an Mám, droichead na Léime taobh thiar de Uachtar Ard, Baile Chonga áit a raibh ‘Pat Cohan’s Bar’ agus áiteanna go leor eile atá le feiceáil fós morán mar a bhí siad gan athrú ón Samhradh álainn grianmhar sin i 1951.


Bhí áiteanna eile ar nós An Spidéil a raibh baint mhór acu leis an ‘Quiet Man’. Sa Tuar Beag taobh thiar den Spidéal a saolaíodh Athair John Ford. Sé John Ford an stiúrthóir cáiliúil as Hollywood a rinne an scannán. Ba as an mbaile fearainn sin a d’fhág Seán Ó Feinneadha nó Seán Mháire le dul go Meiriceá i 1872 in aois a shé bliana déag gur lonnaigh i mBoston i dtosach agus ansin Portland, Maine. Is ansin a casadh a bheanchéile, Bairbre Ní Churraoin air. Tháinig Bairbre as an gCoill Rua. Níl idir an Tuar Beag agus An Choill Rua ach cúpla míle bealaigh ach ní feasach dom go raibh aithne acu ar a chéile sa mbaile. Phós siad thall agus thóg siad aon duine dhéag clainne. Ba é John an té ab óige – John Aloysius Feeney a d’athruigh a ainm go dtí Ford nuair a thosaigh sé ag plé leis na scannáin. Rinne a dheartháir Francis an rud céanna blianta roimhe sin. Tá ballaí an tí inar rugadh athair John Ford ina seasamh i gcónaí sa Tuar Beag.


Tá gaolta go leor le John Ford i gceantar an Spidéil. Col cúigireacha le Ford iad muintir Fheinneadha as an Tuar Beag – Beartla, Pádraic agus Ned Ó Feinneadha atá ina gcónaí taobh thiar den Spidéal ar an gCnocán Glas agus ar an Tuar Beag. Tá a gcuid deirfiuracha siúd – Máire i gCathair na Gaillimhe, Bríd i gCo na Mí agus Eibhlín i Sligeach. Agus is col cúigir do John Ford í Nóra Ní Chonghaile (Uí Chualáin) nó Nóra Mhikeen atá ina cónaí ar an gCoill Rua. Ba le Nóra an seál a chaith Maureen O’Hara sa scannán agus tá an seál céanna coinnigh slán sábhailte ag Nóra i gcónaí. Chomh maith leis sin thug Nóra cúnamh do Mhaureen O’Hara agus í ag déanamh ‘faoistine’ as Gaeilge sa scannán. Bhí páirteanna ‘extras’ag Máire agus Bríd Ní Fheinneadha sa scannán agus ag Nóra Mhikeen agus thagadh carr dhá n-iarradh chuile mhaidin ar feadh sé seachtainí an Samhradh sin le iad a thabhairt go Conga i gcomhair na scannánaíochta. 


Ba as an Spidéal freisin ar ndóigh do Mhicheál Morris nó ‘Lord Killanin’ mar ab fhearr aithne air. Deireadh seisean i gcónaí go raibh gaol idir a mhuintir féin agus muintir Uí Fheinneadha. Ba Uncail leis a d’fhág athair John Ford, Seán Mháire, thíos i gCóbh Chorcaí nuair a bhí sé ag dul go Meiriceá.Chuir Killanin aithne i dtosach ar Ford nuair a thug sé cuairt ar Los Angeles ar a bhealach ar ais ón tSín áit a raibh sé ag tuairisciú don Daily Mail ar an gcogadh idir an tSín agus an tSeapáin i ndeireadh na dtriochaidí. Nuair a tháinig Ford go hÉirinn thug Killanin thart ar fud Chonamara agus deisceart Mhaigh Eo é go bhfeicfeadh sé na radharcanna breátha agus bhí sé ráite go raibh fonn ar Ford cuid den scannán a dhéanamh thart ar theach mór an Spidéil ach nach raibh baileach a ndóthain fairsinge acu ann agus chomh maith leis sin nach raibh aon Óstán sách mór sa cheantar don fhoireann ollmhór a bhí ag obair ar an scannán agus a bheadh ag fanacht sa chomharsanacht.


Ní féidir dearmad a dhéanamh ach oiread ar Mháirtín Ó Droighneáin – Máirtín Thornton an dornálaí. Bhain Máirtín Craobh na hÉireann amach i 1944 agus ba mhór é a cháil fós seacht mbliana ina dhiaidh sin.. Bhí beagán gaoil idir Máirtín agus John Ford agus féach gur Thornton an sloinne a tugadh ar an bpríomhcharachtar sa scannán i.e. Seán Thornton an pháirt a rinne John Wayne. Ba dornálaí a bhí i Seán Thornton freisin d’réir scéil an scannáin. Bhí baint ag Máirtín Ó Droighneáin leis an troid a bhí sa scannán idir Seán Thorntan agus Red Will Danaher. Fuaim dhornaí Mháirtín atá le cloisteáil sa scannán. Dúirt Joe Mellotte, fear a sheas isteach do John Wayne sa scannán ó am go ham, dúirt sé liom gur iarr Máirtín Thorntan John Wayne amach ar an ‘bhfair play’ oíche an lae ar chríochnaigh an scannán. Dúirt sé go raibh píosa breá troda eatarthu agus neart dornaí á gcaitheamh ar chaon taobh. Bhí cáil an ‘tough guy’ ar John Wayne an uair sin i ngeall ar na scannáin agus is dóigh go raibh Thornton ag iarraidh beagán gaoithe a bhaint as a chuid seolta. Duirt Joe Mellotte freisin gur ól Wayne buidéal fuisce ar an Mám an lá ar chriochnaigh an scannánaíocht, sa teach ósta atá ag Joe Keane ann inniú.


Ar ndóigh bhí Droighneáin eile ar an Tuar Beag comharsain béal dorais le muintir Uí Fheinneadha a ghlac páirt mhór sa troid in aghaidh na Tans i gcogadh na saoirse. Go deimhin dódh an teach cupla babhta ortha. B’shin iad muintir Sheáin Mhicil – Joe, Dan agus Mícheál. Bhí aithne agam féin ar Mhícheál mar bhí sé ina Phríomh Oide i scoil náisiúnta na bhForbacha le linn dom freastal ar an scoil sin i dtús na gcaogadaí. Tháinig Ford abhaile go hÉirinn i 1921 agus chonaic sé an obair a bhí ar bun ag na Tans. Bhí sé ráite go raibh clampar idir é féin agus iad féin istigh i mbaile mór na Gaillimhe lá agus gur thóg siad é, ach gur ligeadar leis nuair a fuaireadar amach go mba saoránach Meiriceánach a bhí ann. Bhí Ford go mór ar shon saoirse na hÉireann agus is cinnte go raibh fíor mheas aige ar na Droighneáin.Go deimhin thiocfadh dhó go raibh baint aige sin le gur thug sé an sloinne Thornton ar character John Wayne sa scannán. 


Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar Mhicheál Ó Briain as an gCoileach a rinne mionpháirt sa scannán. Chaith Micheál blianta fada ina aisteoir in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath – fearacht go leor aisteoirí eile a bhí sa scannán - Barry Fitzgerald agus a dheartháir Arthur Shields (throid Arthur in éirí amach na Cásca), May Craig, Eileen Crowe, Seán McClory as Gaillimh, Eric Gorman, Joseph O’Dea(deartháir le Jimmy O’Dea) agus Jack McGowran a rinne a gcuid páirteanna chomh paitianta sin san ‘Quiet Man’. Rinne McClory aisteoireacht le Taibhdhearc na Gaillimhe freisin agus is fiú a lua gurbh iad cantóirí na Taibhdheirce a chloistear sa scannán ag canadh ‘The Wild Colonial Boy’ agus amhráin eile a chantar istigh tí ‘Phat Cohan’.


Faoi láthair tá Telegael, comhlacht físe sa Spidéal i mbun pleanála le leagan Gaeilge den scannán a dhéanamh. Is fiú a lua go raibh beagán Gaeilge ag John Ford agus go ndearna sé iarracht í a labhairt go háirithe agus é ag scannánaíocht. In agallamh a rinne an dornálaí Máirtín Ó Droighneáin liom do Raidio na Gaeltachta i 1973 dúirt sé go mbíodh Ford ag fógairt air féin as Gaeilge nuair a bhíodh sé ag dornálaíocht sa scannán –‘an dorna a Mháirtín, an dorna, tabhair an dorna dhó’. Thaitnigh an ceol Gaelach le Ford freisin go háirithe agus é casta ar an mbosca ceoil agus déarfadh sé as Gaeilge ar an seit ‘cáil an ceoltóir, cáil an ceoltóir’. 


Tá sé i gceist go mbeadh teacht le chéile de Mhuintir Uí Fheinneadha i gCois Fharraige i Mí Mheán Fómhair. Tá sé i gceist go dtiocfadh cuid de ghaolta Ford i gceantar Maine agus St Paul agus in áiteanna eile ar fud Mheiriceá abhaile i gcomhair na hócáide. Táthar ag súil go mbeidh an leagan Gaeilge den scannán réidh don cheiliúradh speisialta sin. Bheadh Ford féin sásta leis sin cheapfainn.

M.P Ó Conaola.

 

Site Designed by Western Webs a.k.a. eBookIreland

 
The Quiet Man Movie Club

The Quiet Man Offical Fan Club